Ros Muc |
|
Tá Ros Muc suite ar chósta thiar na hÉireann, i gContae na Gaillimhe agus i lár Ghaeltacht Chonamara. Ar thaobh amháin tá paróiste na Ceathrún Rua ar an taobh ó dheas agus paróiste Charna ar an taobh thiar. Tagann an logainm Ros Muc ón tseanGhaeilge. Ciallaíonn ros "leithinis" agus muc "cnoc ciorclach"; mar sin, ciallaíonn Ros Muc "leithinis na gcnoc ciorclach". Meastar gur tháinig na chéad daoine go Ros Muc in 400 AD, céad bliain sular thug Naomh Briocán Críostaíocht go dtí an áit. Mar sin, tá daoine i Ros Muc le míle cúig chéad bliain ar a laghad. Is í an Ghaeilge an teanga is mó a labhraítear i Ros Muc. Deir na staitisticí ó thoghcheantar an Turlaigh, Ros Muc, gurb é Ros Muc an ceantar is láidre Gaeilge sa tír. Tá timpeall cúig chéad duine i Ros Muc. Bhí titim sa daonra ar feadh tríocha bliain, agus ba í an eisimirce an phríomhchúis. Tá fás ag teacht ar an daonra anois arís, ámh, mar gheall ar an mborradh faoi eacnamaíocht na tire.
|
Ros Muc is situated on
the west coast of Ireland, in the County of Galway and in the heart
of the Connemara Gaeltacht. It is neighboured on one side by the parish
of Carraroe to the south and by the parish of Carna to the west. The
word Ros Muc comes from the old Irish. Ros meaning peninsula and Muc
meaning rounded hills, the peninsula of rounded hills. It is estimated
that people first settled in Ros Muc in 400 A.D., one hundred years before
Naomh Briocán brought Christianity to the area. That is to say that
there are people in Ros Muc for one thousand five hundred years. Irish
is the predominantly spoken language. The District Electoral Division
of Turlough, Ros Muc, state that Ros Muc is the most strongly Irish-speaking
area in the country. According to an analysis of the census a total
of 91.9% of adults over nineteen years old said they spoke Irish on
a daily basis. The population of Ros Muc is estimated to be around five
hundred people. For the past thirty years there has been a decline in
the population, this is mainly due to emigration, although the tide
of emigration has subsided in recent years due to the robust nature
of the Irish economy. |
![]() |
![]() |
Teach an Phiarsaigh Is é teach an Phiarsaigh an áit is cáiliúla i Rosmuc. Tagann suas le deich míle cuairteoir ann 'chuile bhliain. Tháinig Pádraig Mac Piarais go Ros Muc don chéad uair in Aibreán na bliana 1903 agus é ina scrúdaitheoir Gaeilge do Chonradh na Gaeilge. D'fhan sé i dteach Michael O'Malley, múinteoir, ar an nGort Mór, san áit a bhfuil an t-ollmhargadh agus oifig an phoist inniu.. Bhí Colm Ó Gaora ag tabhairt ranganna Gaeilge i scoil an Ghoirt Mhóir ag an am. |
Pearse's Cottage Ros Muc's most famous landmark is Pearse's Cottage, which attracts up to ten thousand visitors each year. It was April 1903 when Paraic Mac Piarais first came to Ros Muc as an examiner for Conradh na Gaeilge. He was to stay in the teacher's residence in Gortmore. There were Irish lessons being given in Gortmore School by Colm Ó Gaora and these were the students that Paraic Mac Piarais was going to test. |
|
D'íoc an dáréag scoláirí a bhí ag Colm agus é féin leathchoróin an duine le costais taistil an scrúdaitheora as Baile Átha Cliath go Ros Muc a íoc. Bhí Pádraig trí bliana fichead d'aois, é ceaptha ina eagarthóir ar an iris "An Claidheamh Soluis" mí roimhe sin, agus é ag fáil ceithre phunt is fiche in aghaidh na bliana. Bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge ó bhí sé seacht mbliana déag d'aois. Bhí Pádraig sa Ghaeltacht roimhe sin. Sa bhliain 1898 bhí sé in Árainn agus thug sé cuairt ar Ghaeltachtaí eile sular tháinig sé go Ros Muc. D'fhoghlaim sé Gaeilge ó Mháirtín Ó Conghaile, fear dall a bhí in Árainn ag an am. Bhí John Millington Synge ag foghlaim Gaeilge in Inis Meáin ag an am céanna. Thaitin Ros Muc agus muintir Ros Muc le Pádraig níos mó ná aon áit roimhe sin. Da bhrí sin shocraigh sé teach a thógáil ann. Tar éis an scrúdú Gaeilge a chur ar na daltaí, thosaigh sé ag cuartú suíomh le haghaidh an tí. Cheannaigh sé suíomh ó Jeanín Mhichil Ó Griallais -- suíomh álainn le radharc iontach ar Loch Oiriúlach. Thóg Máirtín Labhráis Ó Nia agus Tom Labhráis Ó Nia teach ceann tuí le dhá seomra. Ba é Beartla Ó Mainnín a rinne an adhmadóireacht ann. Dúradh leo nach raibh mórán airgid ag Mac Piarais agus go raibh sé ag obair ar son na tíre; mar gheall ar sin, ní raibh an táille an-ard. Ach ní raibh aon deifir ar an bPiarsach a chuid billí a íoc, agus nuair nach raibh sé ag íoc as an adhmad agus as na riachtanais eile le haghaidh an tí, tugadh chuig an gcúirt in Uachtar Ard é. Ina ainneoin sin, tá sé ráite nach raibh na billí seo glanta fós aige nuair a chuir na Sasanaigh chun báis é sa bhliain 1916. Idir an bhliain 1903 agus an bhliain 1915, chaith sé go leor ama i Ros Muc agus d'fheabhsaigh a chuid Gaeilge. Rugadh Pádraig Mac Piarais i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1879. Múinteoir scoile a bhí ann. Scríobh sé go leor gearrscéalta, m.sh., Íosagán, An Deargadaol, Na Bóithre, agus An Mháthair. Scríobh sé dánta chomh maith, m.sh., Bean Sléibhe ag Caoineadh a Mic, Fornocht a Chonac Tú agus Óró Sé do Bheatha Abhaile. Caitliceach an-chaoindúthrachtach a bhí ann, fear cúthail dúnárasach. Idéalaí, file agus aislingeach a bhí ann. D'fhán sé leis fhéin an chuid is mó den am agus ní raibh sé istigh leis féin i gcuideachta daoine eile. Scríobh sé na focla seo faoi fhéin: "Pearse, you are too dark in yourself. You do not make friends with the Gaels; you avoid their company". Tá saol agus cultúr Ros Muc ag an am sin léirithe in a chuid scríbhneoireachta. Ba i Ros Muc a scríobh sé an óráid a thug sé ag uaigh O'Donovan Rossa. Óráidí iontach a bhí ann. Ba é a bhunaigh Scoil Éanna i Rathfarnham i mBaile Átha Cliath. Bhunaigh sé Óglaigh na hÉireann i nGaillimh sa bhliain 1913. Thraenáil an Piarsach daoine i Ros Muc sna blianta 1914 agus 1915. De réir na tuairisce oifigiúla, deirtear gurbh é Colm Ó Gaora an t-aon duine as Ros Muc a thóg páirt in éirí amach na bliana 1916. Bhí teach an Phiarsaigh i Ros Muc faoi choimirce 'Dúchas' go dtí 2003, eagraíocht státurraithe a bhreathnaíonn i ndiaidh suíomhanna stairiúla. Tá an teach oscailte don phobal ar feadh ceithre mhí sa bhliain, agus bíonn triúr treoraithe fostaithe ann. |
There were members of the Conradh waiting for the train at Maam Cross, a stranger alighted, he was taken by side car and brought to the teacher's residence, when a second stranger alighted, it was realised this was Paraic Mac Piarais and that he would have no place to stay. He was twenty-three years of age and a month previous he had been the editor of the paper "An Claidheamh Soluis". He was a member of Conradh na Gaeilge since he was seventeen years of age, It was settled that he would stay with Michael O'Malley in the house where the post-office and supermarket is today. It was not his first time to the Gaeltacht. In 1898 he was in Árainn and he visited other Gaeltachts before he came to Ros Muc. He was taught Irish by Máirtín Ó Conghaile, a blind man, in Árainn, John Millington Synge was also being taught at the time. Ros Muc and it's people made an impression on him like no other place had previously and because of this he decided to build a holiday home there. He stayed an extra day after he had examined the twelve students. Shortly after this he started looking for a site for his cottage. He bought a site from Jeanín Mhichíl Grealish, a beautiful spot with a magnificent view of Loch Eiliúrach. Máirtín Labhráis Nee and Tom Labhráis Nee built a two bedroomed-thatched cottage for him. It was Bartley Mannion that did the carpentry work in the house. They were told that Mac Piarais did not have much money and that he was working on behalf of the country so they did not charge him much. He was not in any hurry to pay his bills, when he was not paying for the timber and the other requirements for the house he was summoned to court in Oughterard, it is thought that he still owed for those bills when he was put to death by the English in 1916. Between 1903 and 1915 he spent a lot of time in Ros Muc and his knowledge of the Irish language greatly improved. Paraic Mac Piarais was born in Dublin in 1879. He was a schoolteacher. He wrote short stories, for example: "Íosagáin", "Sean-Mhaitias", "Na Bóithrí" and "An Mháthair". He also wrote poetry, for example: "Bean tSléibhe ag Caoineadh a Mhic", "Fornocht do Chonac Thú" and "Miana mo Chroí". Life and customs in Ros Muc at that time are reflected in his writings. It was in Ros Muc he wrote the historic speech that he orated at O'Donovan Rossa's Grave. Padraic Mac Piarais was a great orator. He was the founder of Scoil Éanna in Rathfarnham in Dublin. On the other side of the road to Paraic Mar Piarais's Cottage is Inver Lodge, an estate which was owned by Lord Dudley, the Lord Lieutenant to Ireland, who stayed there at the same time as Paraic Mac Piarais was staying in his cottage. The cottage has been under the auspices of "Duchas", a state sponsored body that looks after historical sites. The house is open to visitors for four months of the year with two or three guides employed.
|
Fathach Liteartha Bhí a chuid fathach liteartha fhéin ag Ros Muc. I measc na ndaoine seo bhí Pádraic Ó Conaire nó SeanPhádraic mar a bhí aithne níos fearr air. Rugadh é i gCathair na Gaillimhe sa bhliain 1883 ach tógadh i Ros Muc é lena uncail P.D. Conroy i nGairfionn. Chuaigh sé ag an scoil i dTurlach Beag. Chaith sé píosa ag obair mar cléireach i Londain agus tháinig sé ar ais go hÉirinn sa bhliain 1914. Tá aithne níos fearr air mar scríbhneoir gearrscéalta. Scríobh sé úrscéal dar teideal Deoraíocht. Scríobh sé na leabhair seo a leanas freisin: Seacht mBua an Éirí Amach, An Chéad Chloch, Nóra Mharcuis Bhig, Síol Éabha agus An Scoláire Bocht. Cailleadh é i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928 agus tá sé curtha sa reilig nua i nGaillimh. Tá dealbh ina onóir i gcearnóg na Faiche Móire i gCathair na Gaillimhe. |
|
|
Laochra Ros Muc
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Baile beag tuaithe fíorGhaelach.
A truly Gaelic village with a lot of history. |